Críochnaíonn ár ranganna Gaeilge an tseactain seo leis na daltaí ag dul fríd a gcuid scrúduithe fáinne airgid agus cúpla focal. Beidh ócáid cheiliúrtha againn ar an Déardaoin 6ú Meitheamh ar a 7pm. Ní amháin a bhéas muid ag ceiliúradh na na daltaí sin ach beidh muid ag lainseáil leabhráin úir atá curtha le chéile ag an ghrúpa oibre Gaeilge atá againn i Naomh Peadar. Cuideoidh an leabhrán seo le tuismitheoirí, imreoirí, cóitseálaithe agus baill an chlub giota beag Gaeilge a fhoghlaim maidir lenár gclub féin agus an cluiche féin. Chomh maith leis sin, beidh aoíchainteoir i láthair, Mark Harte le caint darb ainm ‘GAA Beo, Gan Stró’ a thabhairt ar an oíche. Caint shuimiúil a bhéas ann maidir leis an fhoclóireacht agus frasaí a bhíonn in úsáid aige féin agus tráchtairí ar TG4. Is cinnte go mbeidh oíche den scoth againn! Bígí linn, Déadaoin 6ú Meitheamh óna 7pm! Tá sé seo oscailte d’achan duine agus beidh sóláistí curtha ar fáil fosta.
Our Irish classes finish up this week with our students undertaking their silver fáinne and cúpla focal exams. We will be hosting an evening of celebration on Thursday 6th June at 7pm. Not only will we be celebrating those students, but we will be launching a new E-Book that has been put together by the Irish Language sub-committee in the club. This book will help parents, players, coaches and members of the club to learn a bit of Irish about our club and our game. As well as that, we will have guest speaker Mark Harte who will be giving a talk entitled ‘GAA Beo, Gan Stró’ on the night. An interesting talk that will cover vocabulary and phrases that he and his fellow commentators in TG4 use regularly. It is certain to be a great night! Join us on Thursday 6th June from 7pm in the club lounge! This event is open to everyone and light refreshments will be provided!